Buaileann an tAire le gairmithe dlí faoi úsáid na Gaeilge sna cúirteanna

Date published: 14 December 2016

Bhuail an tAire Airgeadais Máirtín Ó Muilleoir le gairmithe áirithe dlí le plé a dhéanamh ar a dtuairimí maidir le húsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

Finance Minister Máirtín Ó Muilleoir today met with some legal professionals to discuss their views on the use of Irish in courts.

Cuireann an tAcht 1737, atá fós i bhfeidhm anseo, ceanglas ar dhlíodóirí imeachtaí cúirte a chur i gcrích i mBéarla. In 1863, rinneadh aisghairm ar choibhéisí den Acht a reáchtáladh i Sasana agus in Alban i 1731 agus an Acht a reáchtáladh sa Bhreatain Bheag in 1733.

Dúirt an tAire: "Mar Aire atá freagrach as rialáil a dhéanamh ar lucht dlí, ba mhaith liom cosaint a dhéanamh ar chearta dhlíodóirí a labhraíonn Gaeilge, mar aon leo siúd ar mian leo an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna agus inniu, tá mé ag cloisteáil ó roinnt cleachtóirí dlí faoi úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

"Ní hé seo an cineál reachtaíochta atá in úsáid in aon áit eile sna hoileáin seo. D’ardaigh mé an cheist leis an Aire Dlí agus Cirt agus leanfaidh mé orm ag dul i gcomhairle le grúpaí Gaeilge agus le grúpaí dlí le cíoradh a dhéanamh ar an bhealach is fearr chun tosaigh ar an cheist seo." 

Tá leagan Béarla den phreas ráiteas seo ar fáil ag an nasc thíos.

The English language version of this press release is available at the link below.

Notes to editors: 

Nótaí don eagarthóir:

  1. Cláraigh agus faigh nuacht seachtainiúil an Aire, leis na scéalta is déanaí ón Aire Airgeadais, Máirtín Ó Muilleoir.
  2. Lean muid ar twitter @dptfinance agus tabhair ‘like’ d’ár leathanach Facebook ag www.facebook.com/dptfinance.
  3. I gcás fiosrúcháin na meán, déan teagmháil le Preasoifig na Roinne Airgeadais ar 028 9081 6724 nó cuir ríomhphost chuig dof.pressoffice@finance-ni.gov.uk. Le teagmháil lasmuigh de ghnáth uaireanta oibre, téigh i dteagmháil leis an Phreasoifigeach ar Dualgas ar an uimhir ghlaoire 07623 974383 agus cuirfear scairt ar ais ort.

Share this page

Back to top