Skip to main content
Department of Finance Department of Finance An Roinn Airgeadais

Main navigation

  • Home
  • Topics
  • Publications
  • Consultations
  • Contact

Translation help

Translate this page

Select a language

  • Arabic — عربي
  • Chinese (Simplified) — 中文简体
  • Chinese (Traditional) — 中文繁體
  • Dutch — Nederlands
  • Filipino — Filipino
  • French — Français
  • German — Deutsch
  • Hungarian — Magyar
  • Irish — Gaeilge
  • Italian — Italiano
  • Latvian — Latviešu
  • Lithuanian — Lietuvių kalba
  • Polish — Polski
  • Portuguese — Português
  • Romanian — Română
  • Russian — Русский
  • Slovak — Slovenčina
  • Spanish — Español
  • Ukrainian — Українська
  • Uirlis fhíorluachmhar stairiúil atá sa Tionscadal Logainmneacha - Ó Muilleoir

    Date published: 26 October 2016

    Bhuail an tAire Airgeadais, Máirtín Ó Muilleoir leis an Ollamh Mícheál Ó Mainnín ón Tionscadal Logainmneacha ag Léann na Gaeilge agus an Léann Ceilteach, Scoil na Nua-theangacha in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

    Bunaíodh 'Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann' i 1987 chun taighde a dhéanamh ar bhunús agus ar bhríonna na logainmneacha áitiúla, a chuimsíonn ós cionn 30,000 ainm lonnaíochtaí agus gnéithe fisiciúla, le thart ar 130,000 tagairt sa bhunachar sonraí. Is iad Seirbhísí Talaimh agus Sealúchais (STS) a chothaíonn an bunachar (www.placenamesni.org) agus a thacaíonn leis laistigh den Roinn Airgeadais.

    Ag labhairt i ndiaidh a chuairte, dúirt an tAire: “Le beagnach tríocha bliain, tá a mbunachar dochreidte sonraí á thiomsú go dícheallach ag an Tionscadal Logainmneacha. Cuimsíonn an bunachar seo logainmneacha ar féidir iad a rianadh siar níos faide ná míle bliain. Tacaím go mór leis an uirlis fhíorluachmhar stairiúil seo agus tá áthas orm go bhfuil ról lárnach ag STS mo roinne san obair thábhachtach seo.

    “Céim dhearfach chun an bunachar a leathnú amach don phobal atá sa chomhoibriú le déanaí idir comhghleacaithe ar fud na tíre (mar aon le nasc foirmiúil idir an dá thacar sonraí a críochnaíodh le gairid). Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Mícheál as cuireadh a chur orm cloisteáil faoi rath an tionscadail go dtí seo agus faoina gcuid pleananna uaillmhianacha leis an bhunachar a leathnú amach le cúig chontae eile a chlúdach. Táim ag tnúth leis an bhunachar Logainmneacha a fheiceáil ag dul ó neart go neart."

    Dúirt an tOllamh Mícheál Ó Mainnín: “Tá sé d’aidhm ag Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann ár n-oidhreacht teangacha agus cultúir a iniúchadh agus a thabhairt chun solais trí mheán ár gcuid logainmneacha. Tá ós cionn 30,000 logainm sa chorpas againn agus is de bhunús Gaeilge, Béarla, is Albainise a dtromlach (seachas corrainm Lochlainnise agus Fraincise).

    “Tá an Tionscadal lonnaithe in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, agus oibríonn sé i gcomhpháirt le Seirbhísí Talaimh agus Sealúchais sa Roinn Airgeadais. Tá suíomh idirlín saor in aisce curtha ar fáil againn (www.placenamesni.org) agus tá fáil ar an tsuíomh sin ar léarscáilíocht idirghníomhach inchuardaithe do na logainmneacha stairiúla (bailte fearainn, paróistí, barúntachtaí, contaetha) a sholáthair Seirbhísí Talaimh agus Sealúchais. Tá an comhoibriú seo lárnach sa rannpháirtíocht atá againn leis an phobal agus tá muid go mór faoi chomaoin ag an Aire Airgeadais as a chuid tacaíochta.”

    Notes to editors:

    1. Is féidir teacht ar an Bhunachar Logainmneacha ar líne ag: www.placenamesni.org.
    2. Tá an bunachar sonraí inchuardaithe faoi láthair le léarscáil (a éascaíonn lonnú ainm ina chomhthéacs tíreolaíochta) nó trí úsáid a bhaint as áit-ainm nó eilimint de logainm (a sholáthraíonn próifíl stairiúil an ainm agus a dhéanann plé breise air, nuair atá an an t-eolas ann). Chomh maith leis seo, is féidir foirm stairiúil a chuardach agus an t-ainm nua atá curtha air sa bhunachar sonraí a chinntiú.
    3. Soláthraíonn an láithreán seo gréasáin rochtain phoiblí ar bhunachar sonraí táirgthe agus cothaithe ag Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste i gcomhar le Seirbhísí Talaimh agus Sealúchais,  Roinn Airgeadais (Tuaisceart Éireann).
    4. Cláraigh agus faigh nuacht seachtainiúil an Aire, leis na scéalta is déanaí ón Aire Airgeadais, Máirtín Ó Muilleoir.
    5. Lean muid ar twitter @dptfinance agus tabhair ‘like’ d’ár leathanach Facebook ag www.facebook.com/dptfinance.
    6. I gcás fiosrúcháin na meán, déan teagmháil le Preasoifig na Roinne Airgeadais ar 028 9081 6724 nó cuir ríomhphost chuig dof.pressoffice@finance-ni.gov.uk. Le teagmháil lasmuigh de ghnáth uaireanta oibre, téigh i dteagmháil leis an Phreasoifigeach ar Dualgas ar an uimhir ghlaoire 07623 974383 agus cuirfear scairt ar ais ort.

    Latest news

    • Executive agrees £273 million investment in public services

      9 December 2025

    • O’Dowd - Have your say and help shape future of Small Business Rate Relief

      4 December 2025

    • Maintaining access to cash vital to local communities – O’Dowd

      3 December 2025

    • O’Dowd welcomes passing of Deaths, Still-Births and Baby Loss Bill

      2 December 2025

    More news …
    Share this page Share on Facebook (external link opens in a new window / tab) Share on X (external link opens in a new window / tab) Share by email (external link opens in a new window / tab)

    Department footer links

    • Crown copyright
    • Terms and Conditions
    • Privacy
    • Cookies
    • Accessibility
    • The Northern Ireland Executive
    • The Executive Office
    • Department of Agriculture, Environment and Rural Affairs
    • Department for Communities
    • Department for Education
    • Department for the Economy
    • Department of Finance
    • Department for Infrastructure
    • Department for Health
    • Department of Justice
    • nidirect.gov.uk — the official government website for Northern Ireland citizens